Tá tacaíocht airgeadais do ghnóthais bheaga bia, dí agus gairneoireachta dar teideal ‘Step Change Programme’ fógartha ag Bord Bia inniu. Roinneadh na sonraí maidir leis an gciste de €400,000 le os cionn 170 gnóthas beag a bhí bailithe i mBaile Átha Cliath inniu le haghaidh an cúigiú Lá Oscailte do Ghnóthais Bheaga, imeacht a eagraíonn Bord Bia go bliantúil. Tá an scéim deontais dírithe ar chuideachtaí le láimhdeachas ó €100,000 go €5 mhilliún, cuideachtaí atá ag tabhairt faoi thionscadail nua chun a ngnóthais a bhrú ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile. Tá súil ag Bord Bia go mbainfidh ar a laghad ocht ngnóthas ardchumas Éireannach, tairbhe as na deontais a sholáthraíonn an ‘Step Change Programme’ in 2015, ina gcuirfear deontais aonair de suas le €50,000 ar fáil.
Ag oscailt na comhdhála inniu, dúirt Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an tAire Tom Hayes, leis na toscairí ‘’tá gá le fiontraithe in Éirinn. Ní mór go mbeadh daoine againn atá sásta dul san amhantar, a rachaidh chun cinn agus a bhunóidh gnóthais a chuideoidh go díreach le téarnamh geilleagrach. Cuireann fás bhur gcuideachtaí taca faoin bpobal áitiúil i gcoitinne agus faoi íomhá na hÉireann, mar thír a sholáthraíonn táirgí bia agus dí inbhuanaithe agus nuálacha atá ar ardchaighdeán. Bíonn Bord Bia agus na gníomhaireachtaí tacaíochta in aice láimhe, ní amháin inniu ach le linn bhur gcéimeanna éagsúla fáis’’.
Chun cur leis sin, dúirt Tara Mc Carthy, Stiúrthóir Bia agus Dí Bhord Bia, ‘’Cruthaíodh an clár deontais nua seo chun cuidiú le cuideachtaí beaga forásacha bia, dí agus gairneoireachta maoiniú a fháil do thionscadal tábhachtach a mbeidh tionchar dearfach ar fhás na cuideachta aige. Ní mór d’iarrthóirí gníomhaíochtaí agus forbairtí nua agus nuálacha a léiriú, ina n-áireofar táirgí agus modhanna nua gnó na cuideachta, trí táirge a sheoladh ar mhargadh onnmhairithe nua mar shampla, trí bhealach nua margaíochta a aimsiú nó trí réimse nua táirgí a sheoladh’’.
Leanfaidh an Clár Tacaíochta Margaíochta, clár airgeadais Bhord Bia atá i bhfeidhm cheana féin, ag feidhmiú mar is gnáth, clár a chuir €976,000 ar fáil do 186 chuideachta mar chúnamh deontais margaíochta in 2014. Dé hAoine an 6 Feabhra, 2015 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ar an dá chlár airgeadais. Tá breis eolais le fáil ag www.bordbiavantage.ie
Ag Éirí go Maith le Gnóthais Bheaga
Chuala na toscairí faoi mar atá fás láidir, leanúnach ann san earnáil bia ceardaí in Éirinn, agus go bhfuiltear ag súil go leanfar leis sin san earnáil sa mbliain amach romhainn. De réir suirbhé a rinne Bord Bia ar an tionscadal bia le gairid (Nollaig 2014), tá meon dearfach ag os cionn trí cheathrú (78%) de ghnóthais bheaga i leith na hearnála agus táthar ag súil le hardú i ndíolacháin agus i láimhdeachas in 2015, agus tá súil ag 50% de na gnóthais a bhí páirteach sa suirbhé go dtiocfaidh fás ar onnmhairí i mbliana.
Achoimre ar an gComhdháil
Ag an ócáid dar théama ‘Optimize the Opportunity’, chuir Bord Bia eolas ar fáil faoi réimse clár agus áiseanna atá ar fáil do chuideachtaí, chomh maith leis na gníomhaíochtaí atá beartaithe don bhliain amach romhainn. Seoladh láithreán gréasáin nua Vantage (www.bordbiavantage.ie) chomh maith, a sholáthraíonn acmhainn saindírithe do tháirgeoirí beaga bia agus dí atá bunaithe ar fhaisnéis margaíochta, ar léargas agus nuálaíocht, ar fhorbairt gnó, ar imeachtaí agus ar onnmhairí. Tá an t-ábhar dírithe orthusan ar mian leo gnóthas bia a bhunú agus a fhás in Éirinn agus thar lear agus cuirtear fógraí tábhachtacha, léargais ar earnálacha agus eolas maidir le tomhaltóirí ar fáil do ghnóthais nua, chomh maith le sonraí ar sheirbhísí agus ar thacaíochtaí uile Bhord Bia do tháirgeoirí beaga.
Rinne David Berry, Kantar Worldpanel, cur i láthair ar chúrsaí miondíola agus ar threochtaí earnála in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe. Thug sé ar aird go raibh meon tomhaltóra na hÉireann ag pointe níos airde faoi Nollaig 2014, ná mar a bhí le hocht mbliana roimhe sin, ag cur faoi ndeara go bhfuil 405 mhilliún deis faoi leith ag gnóthais bhia agus dí chun díriú isteach ar thomhaltóirí de 1.6 mhilliún siopadóir a chaitheann €104 in aghaidh na seachtaine ar 58 n-earra. Thug Liam Casey agus Ryan Mc Donnell, stiúrthóirí Lidl, léargas ar oibríochtaí miondíoltóra agus mar atá sé a bheith ag obair le gnóthais bheaga. Oibríonn Lidl le os cionn 200 soláthraí Éireannach óna bhunáit sholáthair in Éirinn, rud a chruthaíonn €300 milliún de láimhdeachas gach bliain.
Leag Andrea Coffey, Sainchomhairleoir Meán Ar Líne le Google, agus Tom Larkin as an gcuideachta Elivar, branda nua cothaithe spóirt Éireannach, béim ar an rath a bhaineann leis an ‘Digital Food Hub’, a seoladh in 2014. Rinne Bord Bia i gcomhpháirtíocht le Google Ireland, comhordú ar an gclár oiliúna nuálach chun cuidiú le gnóthais bhia na hÉireann a ndíolacháin agus a láithreacht ar líne a mhéadú. Ghlac 21 chuideachta Éireannacha páirt sa gcéad chlár ina n-áiríodh ceardlanna, modúil oiliúna agus meantóireacht duine ar dhuine a chuir saineolaithe digiteacha Google ar fáil óna Cheanncheathrú Eorpach i mBaile Átha Cliath. Cuirfear tús le hearcaíocht roimh dheireadh na míosa seo don dara clár, agus cuirfear tús leis an gclár go luath i mí an Mhárta.
Chuir an tOllamh Damien Mc Loughlin, as Scoil Ghnó Michael Smurfit, UCD, seisiún idirghníomhach ar fáil ag cur síos ar shaincheisteanna straitéiseacha gnó a bhíonn le sárú ag cuideachtaí nua bia. Leag Padraig Brennan, Anailísí Sinsearach Gnó le Bord Bia, i dteanna Patrick Rooney as Derrycamma Farm, béim ar na tairbhí gnó a bhaineann le Origin Green, clár forbartha inbhuanaithe tionscadail bia agus dí na hÉireann. Bhí sárthaispeántas de sheirbhísí a chuireann gníomhaíochtaí tacaíochta eile ar fáil lena n-áirítear an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, na hOifigí Fiontair Áitiúil, Fiontraíocht Éireann agus Teagasc.