Skip to main content
Hit enter to search or ESC to close

Narrow down your searches to:

  • All
  • Food is Living
  • Industry
  • Farmers & Growers

Fás Onnmhairíochta á Thiomáint ag Margaí Idirnáisiúnta, Bord Bia

Méadú 4% Tagtha ar Onnmhairí Bia agus Dí na hÉireann arbh fhiú €10.5 billiún iad

Date: 14/01/2015

Dé Céadaoin 14 Eanáir 2014: Sheol Bord Bia Tuarascáil ar Fheidhmíocht agus ar Ionchais Onnmhairí inniu a léiríonn ardú 4% ar onnmhairí arbh fhiú beagnach €10.5 billiún iad in 2014, an méid is airde riamh.

Rinne Príomhfheidhmeannach Bhord Bia, Aidan Cotter, cur síos ar an gcúlra don chúigiú bliain as a chéile ar tháinig fás ar onnmhairí sa tionscal bia agus dí. Dúirt sé gur tháinig ardú 4% ar onnmhairí in 2014, rud a léirigh ardú 45% nó €3.2 billiún ó 2009. Ba iad táirgí déiríochta agus comhábhair na hearnálacha ba láidre feidhmíochta a sháraigh €3 billiún (+3%), bianna ullmhaithe (€1.8 billiún, +8%) agus bia mara (€540 milliún, +8%).

Chuir an tUasal Cotter béim ar an athrú suntasach ar na cinn scribe d’onnmhairí na hÉireann in 2014 agus fás athnuaite á léiriú ag margaí idirnáisiúnta, rud a léirítear i méadú 15% ar thrádáil go dtí luach €3 billiún nó 29% d’onnmhairí iomlána bia agus dí.

“Tá toradh ag teacht ar fheachtas an tionscail aimsiú onnmhairí a leathnú go dtí cinn scríbe lasmuigh den AE agus is é an fás i margaí idirnáisiúnta agus margaí atá ag teacht chun cinn atá ag tiomáint figiúirí onnmhairí anois, an fás teoranta inár margaí préimhe AE sea nbhunaithe á fhritháireamh aige” a dúirt sé.

Sonraíodh an t-athrú seo i gcinn scribe margaidh le hardú ar luach onnmhairí go dtí an Áise chun €850 milliún (+45%) a bhaint amach mar aon le harduithe suntasacha go dtí Meiriceá Thuaidh (€740 milliún, +18%), an Meánoirthear (€330 milliún, +11%) agus an Afraic (€610 milliún, +9%). Laistigh de seo thaifead an tSín ardú breise de bheagnach 40% le thart ar €520 milliún a bhaint amach. Is í an tSín anois an dara margadh is mó ag Éirinn don déiríocht, i gcomparáid leis an 13ú áit in 2008.

Cé gurb í an margadh onnmhairíochta is suntasaí d’Éirinn i gcónaí í, tháinig laghdú beag ar sciar na n-onnmhairí a bhí ceaptha don Ríocht Aontaithe cé nach raibh mórán d’athrú ar an luach ag €4.2 billiún nó 40% den sciar onnmhairíochta. Chuidigh luachanna onnmhairí níos láidre do dheochanna, do bhianna ullmhaithe, do mhuisiriúin agus d’éanlaith chlóis chun luachanna níos ísle déiríochta agus mairteola a fhritháireamh.

Tháinig ardú ar luach onnmhairí go dtí cinn scribe AE eile de 2% chun €3.3 billiún a bhaint amach arbh ionann é agus 31% d’onnmhairí iomlána, a léiríonn boilsciú a bhí seasta den chuid is mó ar phraghas tomhaltóra thar chrios an Euro.

Bhain onnmhairí na hÉireann leas as tionchar euro a bhí lag in aghaidh steirling agus Dollar na SA, ach d’fhág euro a bhí ag dul i láidreacht in aghaidh rúbal na Rúise, maraon le fionraí trádála, go raibh tionchar diúltach ar onnmhairí Éireannacha chuig an réigiún sin agus titim de 30% measta go dtí €170 milliún ar onnmhairí.

Agus fáilte á chur aige roimh na torthaí dearfacha dúirt an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Simon Coveney TD “ó 2009 tá ardú 45% tagtha ar an líon onnmhairí bia agus dí i gcomparáid le honnmhairí marsantachta Éireannacha atá 5% níos airde. Is léir ár straitéis maidir le honnmhairí agus táimid ag leanúint ar aghaidh ag iarraidh na spriocanna a leagadh amach i bhFómhar Bia 2020 a bhaint amach. Is rud iontach é an luas agus an diongbháilteacht a léirigh an tionscal agus iad ag iompú ar mhargaí nua agus ar mhargaí atá ag teacht chun cinn mar fhreagra ar an easpa gluaiseachta ar phraghsanna i margaí AE agus na srianta troma i margadh na Rúise”.

Ionchais do 2015

Rinne Aidan Cotter cur síos ar na cúinsí a dhíríonn ar 2015 mar bhliain níos dúshlánaí chun an fás a rinneadh le deireanaí a choinneáil. Cé go meastar gur méadú níos mó ná 10% sa bhliain in aschur bainne a bheadh mar thoradh ar chealú na gcuótaí bainne in Aibreán 2015, tá laigeacht reatha na margaí déiríochta domhanda ag dul i gcionn go diúltach ar leibhéil praghsanna agus tugann tuarthaí ó Rabobank le fios go leanfaidh an treocht seo isteach go maith in 2015.

Meastar go dtitfidh soláthairtí eallaigh níos mó ná 120,000 – 150,000 cloigeann in 2015, rud a fhágfaidh go dtiocfaidh laghdú thart ar 8% ar líon na n-onnmhairí. Ach meastar go dtiocfaidh feabhas éigin ar phraghas eallaigh. Braithfidh cuid mhór ar fhorbairtí éilimh sna margaí atá níos seanbhunaithe agus is tiománaí criticiúil a bheidh i meon na gcustaiméirí i gcónaí.

Tá na hearnálacha bia agus dí araon ag tabhairt aghaidh ar thimpeallachtaí margaidh iomaíocha, cé gur léirigh an dá cheann cumas láidir éagsúlaithe le blianta beaga anuas. D’fhéadfadh fás láidir teacht ar dhíolachán uisce beatha go háirithe, agus meastar go dtiocfaidh tuilleadh fáis ar roinnt catagóirí bia ullmhaithe mar mhilseogra, béilí réamhullmhaithe agus báicéireacht. Braithfidh an t-ionchas onnmhairí don earnáil bia mara ar sholáthar an táirge. Tá méaduithe láidre á léiriú ag onnmhairí bradáin breisluacha as Éirinn agus meastar go leanfaidh an treocht seo in 2015.

Suirbhé Tionscail

Léiríonn torthaí suirbhé tionscail bliantúil Bhord Bia, a tugadh chun críche i Nollaig 2014, misneach i measc déantúsóirí bia agus dí i ngach catagóir. Thuairisc beagnach 95% den 350 freagróir díolacháin onnmhairí mórán mar a chéile nó níos airde sna 12 mhí roimhe sin. Tá an tionscal dóchasach freisin don bhliain romhainn agus measann breis agus a leath (52%) go dtiocfaidh ardú ar a ndíolacháin onnmhairí, agus measann 42% eile go gcoinneofar iad mar atá.

Agus seisiún faisnéise an lae inniu á thabhairt chun críche dúirt Cathaoirleach Bhord Bia, Michael Carey “leanfaimid orainn ag tacú leis an tionscal chun a aimsiú onnmhairí a leathnú agus chun rochtain a fháil ar mhargaí nua lena chinntiú gur féidir le honnmhaireoirí a bpoitéinseal a uasmhéadú agus iad féin a chosaint in aghaidh luaineachtaí margaidh. Treisíonn misneach an tionscail a eascraíonn as ár suirbhé le deireanaí ár n-iarrachtaí agus táim dóchasach gur chúiseanna iad an rochtain margaidh ar na Stáit Aontaithe le deireanaí agus an rochtain ionchasach do mhairteoil sa tSín le haghaidh a thabhairt go muiníneach ar 2015.”

Príomhthionscnaimh Bhord Bia do 2015

In 2015, leanfaidh Bord Bia ag cur tionscal bia agus dí inbhuanaithe na hÉireann chun cinn trína Chlár Origin Green agus a rannpháirtíocht i dtuairim is ocht dtaispeántas trádála déag a mheallfaidh breis agus 800,000 feidhmeannach gnó san Eoraip, sa Rúis, sa Mheánoirthear agus san Áise. Is é ‘Feeding the Planet, Energy for Life’ an téama don World Expo atá ag teacht aníos, a óstálfar i Milan na hIodáile ar feadh sé mhí ag tosú ar 1 Bealtaine. Is sárthaispeántas domhanda é World Expo a mheastar a mheallfaidh breis agus 20 milliún cuairteoir. Beidh taispeántas ag Éirinn lámh le 143 tír eile agus is é clár Origin Green Bhord Bia a bheidh mar phríomhthéama ag seastán na hÉireann.

I Márta, déanfaidh Bord Bia an imeacht Marketplace International is mó riamh a óstáil sa Lárionad Coinbhinsiúin i mBaile Átha Cliath. Meastar go mbeidh thart ar 450 ceannaitheoir, lena n-áirítear 300 ó thar lear, rannpháirteach i gcruinnithe duine ar dhuine le breis agus 160 cuideachta bia agus dí Éireannacha. Ina theannta, glacfaidh breis agus 100 de na ceannaitheoirí idirnáisiúnta atá ar cuairt, páirt i dturais trí lá earnáil shonraithe ag tabhairt cuairt ar fheirmeacha agus ar mhonarchana ar fud na tíre.

Go luath sa samhradh, tar éis trí bliana den chlár, eiseoidh Bord Bia a chéad tuarascáil bhliantúil Origin Green ag cur síos ar an dul chun cinn atá á bhaint amach ag an tionscal. Déanfaidh Bord Bia Fóram Inbhuanaitheachta Domhanda a óstáil freisin ag díriú ar príomhghairmithe inbhuanaitheachta an domhain agus ar cheannairí tionscail.

gairneoireachta agus gránach inite go dtí €230m measta. Bhí margadh miondíola na RA do mhuisiriúin cothrom nó bhí laghdú beag air ó thaobh méide i rith 2014, ach lean sé air ag méadú ó thaobh luacha. Táthar ag súil go leanfar leis an treocht seo roinnt in 2015. Leanfaidh feachtas promóisin nua comhbhunaithe trí bliana an AE i rith 2015 agus cuideoidh sé chun díolacháin a neartú. Bíonn tionchar mór ag ráta malairte steirling in aghaidh an euro ar onnmhaireoirí. Tugann formhór na dtráchtairí le tuiscint go bhfanfaidh an euro lag in aghaidh steirling, rud a chuideoidh le hiomaíochas onnmhairí muisiriún Éireannacha a choinneáil.